Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Tóiteáin
- XML Leathanach 439
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- OIDHCHE FHÉILE BRÍGHDETá Lá 'le Bríghde ar an 1adh lá de mí Feabhra. Coingbhuigeann siad suas na sean ghnáis sa cheanntar seo go foíll. Ar Oidhche 'le Bríghde bíonn súipear bhruitín againn. An trathnóna sin baintear na feaga agus fághtar amuigh ag an doras cúl iad go mbéidh an súipear thart. Nuair athá an shúipear thart, téigheann bean a' toighe amach go dtí an doras cúil, agus sgairteann sí,"Gaibhaigidh ar mbur ngluínibh, foscailighidh mbur súile agus leigididh isteach Bríghid"Beireann an teaglach athá astoigh freagra uirthi:-"Sé beatha , 'Se beatha, 'Se beatha na mhná uaisle"Tigheann bean a' toighe isteach annsin, agus toisigheann siad a dhéanamh chrósog. Nuair athá na crosogaí déanta acha cuireann siad í leat taobh iad go maidin. Annsin cuirtear ceann i ngach coirnéal sa teach ins na seomraí agus ins na boithigh.
OIDHCHE FHÉILE EOINBíonn teinteacha móra amuigh ag achan dhuine an oidhche sin, cionnus gur sin an oidhche a tháinig Naomh Pádhruig go hÉirinn. Cupla lá roimhe Oidhche Fhéile Eoin bíonn muid ag cruinnuighadh gráigeacha, cúipiní, sean-chrainn, dreiseogaí, agus sean-aithinneach. Bíonn an teaglach uilig amuigh, agus iad ag caitheamh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siubhan Ní Chearrain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró na Sealg, Co. Dhún na nGall