Scoil: Mín an Tóiteáin

Suíomh:
Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Conall Mac Cuinneagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 613

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 613

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Tóiteáin
  2. XML Leathanach 613
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean Sgéal.
    Am amháin bhí fear ann agus bhí sé pósta agus bhí mac aige. Bhí siad iongantach bocht agus d’imthigh an fear go dtí an Oilean Úr. Chaith sé bliadhain agus fiche san Oilean Úr gan a theacht na bhaile. Fa dheireadh an ama seo smaointigh sé gur choir do teacht na bhaile. D’innis sé a rún den maighistir ach ní rabh an maighistir sasta é a leigint ar shiubhal ach ní rabh maith a bhéith leis ní fhanochadh sé ní bfuide. Ar tharla nach bhfuil maith a bheith leis arsa bean an toighe caithfidh tú a pháighe a thabhairt do. Lá ar na bhárach bhí sé ag imtheacht agus chuir an maighistir ceist air a [bhfeárr] leis na trí comhairle na an mhéid airgid ata saothruiugh aige a thainig sé aige san. Dubhairt an fear go bhfeárr leis na trí comhairle. An chead chomhairle. Cam direach an ród sé an bealach mór i gcomhnuidhe an aithghiorra. An dara comhairle. Na gabh isteach i dteach atá bean óg pósta ar shean-duine. An tríomhadh comhairle. Do phíopa a chaitheamh nuair a chuirfidh fearg air. Chuir bean an mhaighistir bunnog aráin leis mar pronntanas ag a mháthair agus a bhean. D’imthigh an fear leis agus ní rabh sé i bhfad go dtainig sé go dtí áit a bhí fear na shuidhe ar taobh an bhealaigh mhóir. Bhí paca ar a dhruim agus diarr sé ar an fear theacht leis síos an aithghiorra.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nial O Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Brocacha, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Anna Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na Brocacha, Co. Dhún na nGall