Scoil: Mín an Tóiteáin

Suíomh:
Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Conall Mac Cuinneagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 434

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 434

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Tóiteáin
  2. XML Leathanach 434
  3. XML “Mo Cheantar Féin”
  4. XML “Seanamhrán - Páis ár dTiarna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Mo Cheanntar Fhéin
    Tá mise mo chomhnuidhe i mbaile Mhín-Doire-Éirc i bparroiste Theampaill Cróna i mbarúntacht an Bhaoilligh. Tá naoi dtoigheach ar an bhaile sin. Níl ann acht beirt sean-daoine, Dómhnall Ua Dochartaigh agus Grainne Ní Dhochartaigh. Tá cúig locha ann- Loch an Draighin - Loch Shalach - Loch Gheal - Loch Bheag agus Loch na gCuisireach. Toigheach cinn-tuighe atá ins an cuid is mó aca. Níl ann acht dhá theach cinn-shléine. Ní choinigheann siad mórán stiuc ann. Ciuirtear eallach ar fhéarach ann cóir uair. Bhí ní ba mhó toigheach í Mín-Doire-Éirc i bhfad o shoin nó atá ann anois. Nuair a fuair na seandaoine uilig bás thuit na toigheach. Tá mórán séan-sgéaltaí ag an bheirt aca.
    Bríghid Ní Dhochartaigh
    Mín-Doire-Éirc
    Clochán Liath
    Tír Chonaill,
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sean Amhran.
    Och! Och” smo bhrón go deó.
    Tchím bean ag teacht anoir adaí as í da sárughadh.
    Och! Och! smo bhrón go deó.
    Cosamhail le siubhal, le siubhal mo bháinríoghna.
    Och? Och? Smo bhrón go deó.
    Rachamuid ‘un na h-aircis go dtugamuid a saith dí.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Dubhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ucht Mín, Co. Dhún na nGall