Scoil: Mín an Tóiteáin

Suíomh:
Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Conall Mac Cuinneagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 483

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 483

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Tóiteáin
  2. XML Leathanach 483
  3. XML “Bóithre an Cheantair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá sé suas le seachtmhadh bliadhain o shoin rinneadh an bealach o Mhín na Toitean na mBrocach. An mhuinntir a bhí an bealach mór ag, ul a gcuid talamh ba ghnáthach leo a beith amuigh le cleibh gach lá ag iomchur ar shiubhal an chreafóg agus a chur isteach ar an cuid eile de’n talamh no shíl siad go mbeadh siad sgriosta ag an bhealach mhór. Rinneadh an bealach mór seo ar an oiread seó mine buidhe gach pearsa. Ní rabh aon duine dá dtiocfadh aniar no rachadh siar i gcomhnuidhe gheobhadh siad scannradh. Bhí fear ag’ ul siar lá amháin agus thainig an sluagh beag agus an sluagh mór air, cuid a mharbhadh, cuid a shábhail, cuid ag gáiridhe, agus mhair siad mar sin ríth na h-oidhche go ghlan an lá ar maidin. Oidhche amháin bhí fear as na Brocachaí ag’ ul siar go Mín na Toiteán agus nuair a thainig sé eadair Mín Doire Eirc agus Mín na Toitean chuaidh siad isteach i sgáifte caoirigh agus ní rabh siad abalta fághail amach asta agus b’eigean daobhtha tionneadh na baile. Deirtear go rabh rud eiginteacht le h-éirigh daobhtha sul a dtiocfadh siad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nial O Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Brocacha, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Aodh O Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Brocacha, Co. Dhún na nGall