Scoil: Mín an Tóiteáin

Suíomh:
Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Conall Mac Cuinneagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 448

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 448

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Tóiteáin
  2. XML Leathanach 448
  3. XML “Na Tithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus chuirfeadh siad poll san admudh agus chuirfeadh siad triúr no cearar acha i ngach poll aca. Nuair a bhéad siad sin caithte chuirfeadh siad cupla cionn eile isteach. Ní rabh aca acht leath-dhoras le na cearca, agus na lachan a choinnéal amach as an teach. I bfhadh o shoin ní rabh fuinnéogaí gloine ar bith aca acht bhí fuinnéogaí deánta de admuidh agus bhí bata ar an taobh astoigh acha leis an fhuinneóg a choinneal amach. Ins an lá luigheadh siad an fhuinneóig síos le solas a thabhairt daobhtha.
    Bhéadh leabaidh sa chisteanaigh fosta aca leis an t-sean - bhean agus an sean - fear a luighe ann, agus tugad leabaid na clúdach uirthi cionnus go rabh sí sa chlúdaigh. Ba ghnátach le úrlar creaféoige a bheith aca. Chuirfeadh siad gainimh fríd an chreafógh go mbhéadh sé uilig dubh. Annsin bhéirfeadh siad spad leobhtha agus chuirfeadh siad pláin-mión ar an t-úrlar agus bhéad sé go cothrom le clár. Bhéadh na toighthe go fada leathan agus bhéadh cupla cionn eallaigh ceangailte ag bun an úrlair agus bhéadh na cearca thuas ar an árbh ins an ar teach. Bhí balla aca eadar an t-eallach agus an teinidh, agus na dhiaidh sin rinne siad doras ar an taobh amuigh de’n bhoitheach. Ní rabh tíomlar ar bith acha i bhfad o shoin bhéadh na teinticeacha acha suas leis a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siubhan Ní Chéarrain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cró na Sealg, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Meadhbha Ní Chéarrain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín Leic na Leabhar, Co. Dhún na nGall