Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Tóiteáin
- XML Leathanach 441
- XML “Féilí na Bliana”
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Seanchas i dtaoibh na h-Aimsire.
Deirtear nuair athá doineann ag teacht go mbíonn an cat ag scríobadh an doras no an (doras) no an chathaoir. Nuair a bhíonn fearthain ag teacht bíonn an cat na shuide ag an teinidh agus a chúl leis an teinidh. Ma theidh an ghrian sios dearg sin comharta go bhfuil aimsear mhait ag teacht. Nuair a rachas an chorr-mhónad síos an abhainn deirtear go bhfuil tuille ag teacht anuas an abhainn na diaidh. Nuair a rachas na caoire suas go bárr an chnuich ag teacht na h-oidhche deirtear go bhfuil aimsear mhait ag teacht. Nuair a bhíonn gaoth mhór ag teacht imthigheann na lachan ar eiteóg giota mait on teach. Ma éirigheann an ghealach go h-árd ins an aer sin comhartha go bhfuil aimsir mhaith ann. Nuair a bhíos na préachain ag éiteal thart fa na páirceannaí deirtear go bhfuil sneachta ag teacht.