Scoil: Mín an Tóiteáin

Suíomh:
Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Conall Mac Cuinneagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 442

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 442

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Tóiteáin
  2. XML Leathanach 442
  3. XML “Pósaítha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Pósaidhtha.
    I bfad o shoin nuair a bheadh na daoine ag fághail pósta, chaitfhead siad siubhail an bealach ar fad. Ní rabh gluastáin no carraí ar bith acha. D’ímthigheochaidh siad leóbtha ag siubhail. Bheadh dhá fhear agus dhá bhean ann, bhíonn an fear agus an bhean a bhíonn ag gábhail a fhághail pósta ann agus bhíonn fear agus bean eile ann. Imthigeann siad leobhtha annsin go dtí an Teach a Phobhail agus póstar iad annsin. Nuair a thigheas siad na bhaile bíonn pota mór préataí bruidhte ag muinntir an toigh agus bíonn pota mór eile acha lán de fheoil agus sugh. Cuireann siad an tábla amach i lár an úrlar agus cuirtear na preataí amach ar an tábla agus cuirtear an sug amach ar plataí agus toiseochaid siad ag ithe agus ag ól. Bíonn bainnéis mhór acha ag ól uisce beatha agus ag damsa leobhtha go dtí an cúig na a sé a chlog ar maidin. Annsin d’imtigheochadh an sgaifte na bhaile uilig agus bhéadh an lanamháin fágtha leó fhéin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siubhan Ní Chéarrain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cró na Sealg, Co. Dhún na nGall