Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Tóiteáin
- XML Leathanach 407
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé an cuid eile ‘sa cómhra. Bhí tae agus siucra leis fosta agus d’iarr sé uirthi an tae a dheánamh. Nuair a bhí an tae ólta aca, d’fhág siad an tae agus an siucra fa cómhra fosta. Ni rabh siad i bhfad na suide ag cainnt nuair a mhothuigh siad fear a’ toighe ag teacht. D’iarr an bhean air-san a dhul i bhfolach sa cochan i gcúl an dorais. Thainig fear a toighe isteach agus d’fhiafraigh sé do’n mhnaoi ar dtainig fear a bhí ar seachran isteach. Dubhairt sise nach dtainig. D’innis seisean an sgéal duithe mar thainig an fear chuige ar an chnoc, agus gur h-iarr sé air a theacht ‘un toighe go maidín. Chuaidh sé amach agus fuair sé an fear as na Rosaibh ag Bun an Toighe. Dubhairt sé leis nach [gcougbheochadh]? a bhean é. Thug sé isteach é agus thug a shuipéar do. Nuair a bhí siad ag comhradh tamall beag dubhairt fear an toighe leis gur chuala sé [aríamh]? go dtiocfadh le muintir na Rosann cuid mhór cleasanna imirt, agus dubhairt seisean go dtiocfadh. D’iarr fear an toighe air cuid aca a imirt anois. D’ amharc sé thart agus connaic sé cliathaire crochta ar an bhalla. D’iarr sé ar fhear an toighe é a thabhairt do. Bhuail sé buille air agus d’éist leis an torman, a rinne sé. D’iarr sé ar fhear an toighe amharc sa chóra agus go bhfuigheadh sé buideal fíona. Dubhairt seisean nach a leithid sa tigh, acht mar sin féin d’amharc sé agus fuair é. D’ól siad a rabh sa bhuideal. Bhuail an Rasamach buille eile ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Éamonn Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Na Brocacha, Co. Dhún na nGall