School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- XML Page 144
- XML “Íosa - Moladh go Deo Leis, agus an Deargadaol agus an Capall”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Íosa moladh go deo leis sa rith ón namhaid lá.
Chuaidh sé trí pháirc 'na raibh roinnt fear ag cur síl - síl cruithneachta. Do labhair Sé leó agus dubhairt dá dtigeadh saighdiuirí an treó agus dá gcoistidís iad agus dá bhfiafruighdís díobh a bhfeacadar Íosa ag gabháil an bóthar san innsint dóibh go bhfeacadar an lá a bhíodar ag cur an tsíl. Gealladar.
Lá ar na mbhárach bhí an cruithneachta fásta suas le mirbhúilt dó agus aibidh. Sa tráthnóna bhí na fir ag baint na cruithneachta nuair a tháinig an namhaid. Do cheistigheadar iad agus dubhradar mar a dubhairt Íosa leó. Dubhradar mar sin go rabhadar ag dul an treó mí - cheart, agus bhíodar chun iompáil tímcheall nuair a chuir daradaol suas a cheann agus dubhairt "indhé, indhé",. Bhí capall ann agus bhuail sé buile dá chrúib ar an ndaradaol agus bhris sé a dhrom agus ó shoin i leith tá drom an daradaol briste agus tá crúb an chapaill beannuighthe agus ní dhéanfadh sé díogbhail I ngaraidhe ná i naon áit.
Deirtear leis an té bhainfidh le'n a fiacla an ceann den daradaol na bheathaigh go maithfí do an peaca (no 3 cinn) is mó a dhein sé riamh.- Collector
- Pádraig Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Máirtín Ó Duibhir
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- An Bán, Co. Chorcaí