Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Suíomh:
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Gromail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuirimid pratai ar an bhfeirm blian i ndhiaidh a chéile. Ullmhuigheann mo athair agus na buachailli aimsire an talamh in a gcóir. Usaidtear aoileach chun an talamh a dheanamh saidhbhir sar a gcuirtear na prataí.Uaireannta ni chuirtear amach aoileach go mbionn an talamh reidh chun na prataí do chur, agus leagtear ar na claiseanna. Úsáidtear feamhnach ar thalamh nua cuirtear amach é cúpla mí sar a gcastar suas an cré agus leigtear dó lobadh. Nuair is talamh nua a bhionn a ullmhú in -a gcoir is amhlaidh a deintear iomaire agus saightear na pratai ionnta. Ar dtúis deintear an talamh do thraibhid annsan é do fhuirse agus sa deire deintear iomairi de. Deintear na drilleanna sa t-slighe cheadna. Ceacta a bhionn i n-usaid ag an bhfurmhór le h-aghaidh na h-oibre ach daoine nach mbionn ach gort suarach aca fé phratai aca baintear feidhm as ramhainn chun an talamh do romhar agus sluasad chun drilleanna agus iomairi dheanamh.D'úsáidtí an ceacht adhmaid i n-aiteachta boga mar phortach ach ni úsáidtear anois é ach chun maise a chur ar na drilli nuair a bhionn fás(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Seán Lacach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)