Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Suíomh:
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Gromail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhi Íosa An Mhaighdin Mhuire agus Naomh Sheosamh ag teicheadh go dti 'n Eigipt. Bhi Naomh Mhuire tuirseach do bheith ag iomchar Íosa. Bhuaileadar le cailín. D'fhiafruig Naomh Mhuire de Íosa do thabhairt ar feadh tamaill. Ni togfhadh si Íosa. Bhuaileadar le cailin eile agus d'iarradar uirthi an Leanbh Íosa d'iomchur. Do thog si Íosa go dti go raibh trí míle deunta aca. D'iarr an Naomh Mhuire air h-Íosa cad a deanfhadh sé leis an gcéad cailin. Dubhairt Sé mbead clann aici agus go bhfaigheadh an mhatair bás roimh a clainn. Dubhairt Sí le h-Íosa "Cad a deanfadh tú leis an dara cailin a thóg thú agus dubhairt Sé go mbead clann naoi gcailin aici agus go bhfaigheadh an mhathair bás tar-éis na gcailini agus go mbead naoí Aingili aici chun an mhathair do tabhairt suas do Neamh.Bhi páirc arbhair ann agus bhi fear ins an bpáirc. D'iarr na saighdiuirí ar an bhfear cá raibh Íosa agus an Naomh Mhuire. Nior labhair an fear agus bhi ciaróga ins an bpairc agus dubharadar "Inde Inde Inde". Bhi ciaróga eile i bpairc agus dubharadar "Indiu Indiu Indiu" agus bhi Íosa, An Mhaighdin Mhuire agus Naomh Sheosamh imthighthe.Tá cros ar ndrom ar an asail agus tá rian trí mhéar Íosa in-'a chluais- do suidh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Choistealbha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó hAirt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 42
- Gairm bheatha
- Táilliúir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir