Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Suíomh:
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Gromail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'imirt.2. Imirt Fallogaí:-
Nuair a bhíonn na h-oidhcheannta fada 'seadh imirtear an cluiche seo istig 'sa tig. Bionn sgata pairteach ann. Imthigheann gach duine lasmuigh de dorus an t-seomra ach duine amháin. Dúntar an dorus. Cuireann an cailín rud eigin (cnap, de gnath, toisc gur beag é agus gur deacar é d'fheiscint ar uairibh) i bhfolach. Annsan glaodhann sí amach i n-ard a gutha "A Sheain, a Sheain, tá an ciste ar doghadh". Ritheann na leanbhaí eile isteach agus deinid cuardach ar fuaid an tseomra. Nuair bhionn aoinne gairid de'n rud deireann an cailin a chuir i bhfolach é "Te" agus nuair a bhíd abhfad uaidh "Reoidhte". An té a gheibheann an rud, 's'í a chuireann i bhfolach é an chead uair eile.3. Taobhanna:-
I rith an Earraigh, nuair a bhionn an aimsear cruaidh fuar 'seadh imirtear Taobhanna. Roinntear na cailini i ndá bhuidhin, an meid cheadhna ar gach taobh. Caithtear liathróid anairde 'san aer agus tosnuigheann an imirt. Liathróid mór leathair a usaidhtear de gnáth. Bionn gach taobh a d'iarraidh greim d'fail ar an liathróid. Caitheann na leanbhai i go cailinibh atá ar a dtaobh féin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Choileáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir