Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Suíomh:
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Gromail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)King Edwards, Magestics, Flounders, Dates, Red-Rocks. Siad na cinn is fearr ortha san na Leaguers, Aranbanners, Irish Queens agus Champions.
Deineann a lán císte prátaí sa ceanntar seo. Seo é an tslighe a deintear é. Beirbightear prataí agus deintear iad do iomadh. Annsan cuirtear plúr, sod agus uisce, ma's gádh, leis na prataí bruighte. Measctar go maith iad agus deintear císte deas cruinn de. Bacailtear e 'san oigheann no ar an ngriodal. "Steampai" a tugtar ar an saghas san císte 'san áit seo.Deintear stailc de plúr agus de salann. Bristear na prataí úr ar dtúis agus cuirtear salann agus plúr in-einfheacht leo. Measctar le cheile iad. Annsan tuighdas 1/2" nó mar sin air. Cuirtear é 'san oigheann chun é bhacail ar feadh breis is leath-uair a' cluig. Ní leigtear do'n dath ruadh teacht air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Giolla Seanáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Eoghanáin, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Seóirse Mac Giolla Seanáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Baile Uí Eoghanáin, Co. an Chláir