Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi

Suíomh:
Cill Chaoi, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Gromail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0628, Leathanach 010

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0628, Leathanach 010

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
  2. XML Leathanach 010
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    tobar do'n chead uair ach luaidhtear Naomh Caoi leis.
    Cimiltear an t-uisce leis na suilibh. Tá nos ann rud eigin d'fagaint ag an dtobar, piaca beag mór é. D'reir bealoideas tá frog san dtobar agus an duine a cionn é leigheastar pé galar sul a bíonn a cur air. Is ar maitheas le radharc na súl a tugtar tugtar turas ag an dtobar. Do leigheasadh daoine ag an dtobar so :-
    (D'reir Seamuis Ui Griobhtha, ó Sraid Ui Chomhraidhe) leigheasad triúir ann)
    1. Cailin ó Inis. Ingean An Bhlachaigh a b'ainm di (pósadh ó shoin í , Bean Ui Riada is ainm di anois). Thagadh sí ar a laethe saoire go Tigh Mhic Mathghamhna ó Maidhbhin. Bhí radharc na súl go h-ana lag aici agus í n-a leanbh. Bhí eagla ar a muinntir go n-eireochadh sí dall. Thug Mac Mathghamhna go Tobar Chaoi í, agus ag criochnú an triomhadh turais di chonnaic sí an frog agus leigheasadh í laithreach. Tá an bhean sin beo fós, agus tagann sí go Cill Caoi gach Samradh ar a laethe saoire.
    2. Bean Ui Eidhin, mathair do Bean Ui Mathghamhna Sraid Ui Conaill. Bhí an radharc go h-olc aici. Chuaidh sí go Tobar Caoi agus leigheasadh í. Deineadh sí an turas gach bliain 'n-a dhiaidh sin. Tá sí marbh le se bliain anois.
    3. Cailin(Bean Fhuaghala) ó Tiobraid Arann. Lá dá raibhTadhg O Cearmada o'n bFothach a' siubhal i n-aice le Tobar Chaoi connachtas dó go raibh cailín a' siubhal i n-aice
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge