Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)
- Suíomh:
- Baile Mhic Cráibhín, Co. an Chláir
- Múinteoir: M. Mac an Airchinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá le Brigde. Tá tobar beannuigce Naomh Brigde suidhte i lis-ceannúir agus téigeann na daoine chuige mar tá leighiseanna le fágail ar galair éagsamhla núair cóimlíontar an turas agus má deirtear na paidreacha áirithe. An oidhche roimh an lá seó bíonn spórt agus siamsia de gach saghas ar siubhal ag an tobar agus bíonn sluaighte móra daoine ann.
Oidhce Nodlag. Lastar coinnle móra céireach agus fágtar íad ar na bhfuinneógaibh a bhíonn gléasta le cuileann, le heidhin is le bláthanna. ‘Sé an mac is óige sa tig a lastann íad de gnáth. Comórtar an oidche seó roimh lá Nodlag. Crochann na páistí a stocaí suas idtreó is go dtabarfadh San Niclás bronntanas dóibh.
Lá le Mártáin, marbhuighthear coileach nó ainmhidhe no éan ins gach teach agus doirtear an fola in onóir dó’n naomh seo a dúnmharbhuighead.
Lá Naomh Eoin an oidhche roimh an lá seo lastar teinte cnámh ar fud na tíre agus fanann daoine tímcheall ortha ag rinnce is ag deanamh spóirt.
Lá Bealtaine crochtar craobh glas le h-úrsain gach doras ag cur fáilte roimh an t-samhraidh agus idtreó is ná dtiocfadh na daoine maithe isteach.
Oidhche Coille ‘sé an ainm is coitcíannta tugtar air ná “Oidhche an dóithín mór” mar deirtear má ithtear a ndóthain an oidhche seo go mbeadh a dhótain ag gach aoinne le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Chrídheáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Ghadaí Thiar, Co. an Chláir