Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)

Suíomh:
Baile Mhic Cráibhín, Co. an Chláir
Múinteoir:
M. Mac an Airchinnigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0617, Leathanach 358

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0617, Leathanach 358

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gortown, Cill Seanaigh
  2. XML Leathanach 358
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1) Níl aon tinnteán mar do thinnteán féin.
    2) Ní hé lá na gaoithe lá na sgolb.
    3) Ní neart go cur le céile.
    4) Ní bhíonn an neart ach mar a mbíonn an smacht.
    5) Is feárr an t-sláinte ná an táinte.
    6) Is é an tiomáinidhe is feárr an fear ar an gclaidhe.
    7) Is olc an cú nách fiú fead do leigint uirthi.
    8) Bíonn blas milis ar praiseach na gcómharsan.
    9) Níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis.
    10) I dtosach na h-aicide is fusa é leigheas.
    11) Is olc an gaoth nách séideann do dhuine éigin.
    12) Is mairg a báithtear in am an fanaithe.
    13) Is go dtagann an ghrían in díaidh na fearthainne.

    14) Téigheann an bainne sa Géimhreadh go h-adharcha na mbó.

    15) Ní féidir é bheith ina gruth 'is na meidhg agat.
    16) Mair a chapall is geóbhair féar.
    17) Is mairg a bhíonn thíos ar an gcéad beárnan.
    18) Gach dalta mar oiltear, is an lacha ar an uisce.
    19) Is treise dúthchais na oileamhaint.
    20) Bíonn adharcha fada ar na buaibh thar lear.
    21) Is glas íad na cnuich i bfadh úainn.
    22) Tar éis a tuigtear gach beart.
    23) Ní mar a síltear bítear.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairéad Ní Luanaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Móin Fhríle Theas, Co. an Chláir