Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)

Suíomh:
Baile Mhic Cráibhín, Co. an Chláir
Múinteoir:
M. Mac an Airchinnigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0617, Leathanach 310

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0617, Leathanach 310

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gortown, Cill Seanaigh
  2. XML Leathanach 310
  3. XML “Baile na Gadaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. In aimsir an anólládh do chómhnuig gaduide i mBaile na Gaduidhe in áit ar a dtugtar "Cnoc an Aitinn" air. Bhí úaig aige fé talamh agus is ann a cómhnuig sé ar feadh a saoghal. Ní raibh aon slighe bheatha aige act ag gaduideact agus ag guid an fhaidh is a mhair sé. Aon lá amháin bhí an gaduide aoiste agus gadhuidhe óg eile agu dul go dtí Cillfionnúrach agus chonnacar fear agus bó aige ag teacht in a ndíaidh agus deineadar suas a n-aigne an bhó a guid ón féár machanta. Do bhain an gaduidhe óg an bróg de agus do leig fé ar an bóthar é agus nuair a bhí fé leath míle nó mar sin ón céadh bróg bhain sé an bróg eile de agus do leig sé ar an bótar é leis.
    Nuair a tháinig an fear machánta do chonnaich sé an céad bróg ach do leig sé é ins an áit céadhna ach nuair a chonnaic sé an dara bróg do chúaidh sé síar fé dhein an chéad bróg, Do leig sé an bó ar an talamh in a díaid, agus núair a tháinig sé thar nais bhí an bó imtighthe. Deirtear gur ón gaduidhe sin a fúair an baile sin a ainm. Níl fhios againn a ainm ná a shloinne ná an t-am a rugadh agus a fúair sé bás.

    Bhí fear ann leis ins Baile na Gaduide dárbh anim dó "Lucas" agus is é do chuir an "Freeman's Journal" ar bun act do bhriseadh súas é roinnt blíanta ó soin. Sé an "Independent" a bhris é núair a bhí sé dhá dhíol ar leath pingin an uair sin.

    (Mo Uncail a innis an scéal seo dom
    Chomhnuigheann sé i Baile na Gaduidhe i bparóiste Cill Seannaig Co. an Chláir)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
      2. daoine
        1. robálaithe (~423)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Lúadhna
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile an Ghadaí Thiar, Co. an Chláir