Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)
- Suíomh:
- Baile Mhic Cráibhín, Co. an Chláir
- Múinteoir: M. Mac an Airchinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gortown, Cill Seanaigh
- XML Leathanach 311
- XML “Daoine Cáiliúla i Sráid Bhaile Cillfhionnabhrach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is é Cillfhionnabrach mo bhaile dúthchais agus tugtar an ainm sin air mar is é Pátrún na h-áite sin ná Naomh Fachnan. Bhí beirt mach ag an Naomh sin.eadhon:- Naomh Cólman nó mar a tugtar air Naomh Cáimin agus Neamh Peadar. Fear déaghmhóideach agus foghlumta do beadh Cáimin. Do thoga sé áit gairid do Chillfhionnabhrach cun a áit do chaitheamh ag paidreóireacht agus ag machthnamh. Ins an áit seo chuir sé tobar beannuighthe ar bun atá ann fós, agus tugann daoine na h-áite onóir dí, mar úair sa bhliadhain ar lá an Pátrúin téidheann síad ann cun padreacha a rádh. Le h-ais an tobair tá leaba cloiche taitneamhach agus deirtear go gcodluigheadh an Naomh ins an leaba seo gach oidhche. B'sin ceann des na gníomhartha líonmhaire truilluighadh a bhiodh ag déunamh ag an Naomh. Núair a bhíonn daoine gá céasadh ag éagsláinte na súile deirtear go ghéibhinn síad léigheas ins an tobar seo, agus is mó daoine a fúair radharc na súile thar n-ais ó éifecht an uisge. Fear foghlumhta do beadh Naomh Feachnan leis agus do chuir sé mainistir ar bun agus tháinigh na céadhtha scolairí ó gach áit cun fogluim annsúd. Ar an lá indiu níl ach a rían le feischint ach mar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Ghiolla Íasacht
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Fhionnúrach, Co. an Chláir