Scoil: Cahermurphy, Cill Mhichíl (uimhir rolla 15327)
- Suíomh:
- Cathair Mhurchú, Co. an Chláir
- Múinteoir: Séamus Ó Laoighléis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cahermurphy, Cill Mhichíl
- XML Leathanach 153
- XML “Na Filí a Bhí Cónaí Orthu i Leath h-Ínse - Amhrán an Tae”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chomh duilmhar airíst ann le mná
Ní mór go n-eireochfaidist na suidhe dhuit
Go bhfeicfidist lionta an chupáin
Annsan nuair a d'ólfaidist sáith dhe
Agus aireochadh siad líonta an tiogáin
Ag imtheacht a' reathaidheacht go dtí an oidhche
Is gan breith ar fiú an phíce 'na láimh.
(V)Níl áireamh ar domhain ná cur síos
Cad a coinneóchaidh (cinn-ó-ig) an cíos ná an bothán
Ach taepot a leagadh ins an ghriosaigh
Agus griodal fóir-líonta lé arán
Ní airightear anois agus airíst é
Nó ní cuirtear aon tsuim sa mbeagán
Nó ní aireamhthar suas ar an pínse
Agus is mó é ná an cíos le siftáil.
(VI)Níl iongantas mór daoine crionna
Bheith ag gearán teinnis cinn ceal é fhághail
Ach an leanbh tá a 'cráire na gcídhnidhe
Nó 'na luighe ar chúl a cinn insan chliabhán
Nuair a d'faigheann sé an baluighthe croiodheamhail
Agus d'eirigheann an stím as chomh h-árd
Ní mór ná go gcaillfí d'aon bhiadh é
Mar a bhfaighfeadh sé trí bhraon de shliogán
(VII)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál C. Ó Laoighléis
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Sráid Synge, Co. Bhaile Átha Cliath
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Con Luachra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Cluain na Cille, Co. an Chláir