Scoil: Cahermurphy, Cill Mhichíl (uimhir rolla 15327)
- Suíomh:
- Cathair Mhurchú, Co. an Chláir
- Múinteoir: Séamus Ó Laoighléis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá tobar naomhtha i gCill Mhichíl agus Tobar Mhichíl Naomhtha tugtar air. Tá sé ann leis na céadta blian. Tá sgéal againn mar gheall ar conus a tháinig do'n tobar a bheith ann.
Do bhí bean dall ina comhnuidhe i dTullach Cruinn agus oidhche amháin bhí brionnglóid aice. Cheap sí dá rachadh sí ar mhuin capaill óig abhí in aice na h-áite ina raibh sí ina comhnuidhe go dtugadh an capall i go dtí áit a leighiseochfaí í.Níor cuir na daoine aon suim in a cuid cainte ar feadh cúpla lá acht nuair bhí an brionnglóid ceadhna aice trí oidhche in dhiaidh a chéile do chuireadar í ar an gcapall agus as go bráth leo. Chuaidh an capall i dtreó Cill Mhichíl agus nuair tháinig sé go dtí an roilig chuaidh sé isteach ann agus thosnuig sé ag ithe fear. Nuair bhí sé ag ithe, d'ith sé oileán áirithe de luachra agus thosnuig an t-uisge ag teacht. Tháinig an bhean anuas den gcapall agus do nighe sí a súla ins an bpoll. Do tugadh a radharch(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire T. Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair Mhurchú, Co. an Chláir