Scoil: Cahermurphy, Cill Mhichíl (uimhir rolla 15327)
- Suíomh:
- Cathair Mhurchú, Co. an Chláir
- Múinteoir: Séamus Ó Laoighléis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cahermurphy, Cill Mhichíl
- XML Leathanach 149
- XML “Na Filí a Bhí Cónaí Orthu i Leath h-Ínse - Moladh Chruach Pheadhna Comhraidhe agus na Fir a Dhein Í”
- XML “Na Filí a Bhí Cónaí Orthu i Leath h-Ínse - Asal Maol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(XII)D'eirig sé ar maidin dha uair roimh an lá
féachaint ar chorruigh sí nó 'r bhog na sugáin
Do chuairtigh go dlúth í ar fhaid a cliatháin
Is ní baoghal ná gur fhan soladálta
(XIII)Go mairidh sé beó ar í dhéanamh in aith-bliadhain
Fé shéan is fé shonas an fhear fairrsing
Gur tháinig sé linne agus gur bhain dinn ár gciall
leis a' rud a dhein riamh le 'na lán é.
(XIV)Cuig fírinne spreagadh ní magadh é mo ghlór
Is annamh 'na raic é ná caithte ag teich an óil
Tá Dia ag cur rath air is go raibh le'n a ló
Ní mór linn a shonas go bráthach dó.
Sin an amhrán a scríobh Tomá Ó Tighearna ag moladh cruach Pheadna Cómhraidhe agus na fir a dhein í. I bhéarsa a cheathair líne a thrí deirtear "dhéidh" i gcóir dhiaidh; agus i bhéarsa a h-ocht deirtear "chaoint" i gcóir chaint. Deirtear mar sin é i gCo an Chláir. - 'Sé an céad ceann eile atá agam ná "Asal Maol." Tá sgéál ag gabháil leis an ceann seo. Nuair a tháinig an t-am chun an cíos a dhíol ní raibh Tomás Ó Tighearna i ndán(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micheál C. Ó Laoighléis
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Sráid Synge, Co. Bhaile Átha Cliath
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Con Luachra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Cluain na Cille, Co. an Chláir