Scoil: Cahermurphy, Cill Mhichíl (uimhir rolla 15327)
- Suíomh:
- Cathair Mhurchú, Co. an Chláir
- Múinteoir: Séamus Ó Laoighléis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ar an dtaobh thiar de'n scoil tá cnoc mór árd. Tá sí an-aosta ar fad agus deirtear anois go bhfuil sí ann ó aimsir na bhFear mBolg. Cuma chruinn atá uirthí agus tá sí déanta de clocha. Tá dúnta móra eile mar í gCathair na Stéige i gCiarraighe agus i nDún Aongusa in Árainn. Tá na fallaí go léir leaghtha go talamh anois beagnach. Tá alán sean-sgéalta againn mar gheall ar an gcathair.Caoghadh bliain ó shoin deirtear go raibh dorus isteac insan gCathair agus lá amháin chuaidh bullán isteach ann agus níor tháinig sé amach arís. Annsan chuaidh daoine isteach chun an bhulláin acht b'éigean dóibh teacht amach arís gan é. Deirtear go bhfuil poll sa talamh i lár na cathrach agus go bhfuil seomra mór leathan istig ann. Tá pota óir istig ann agus tá cú fiadhain dubh i bhfuighil an óir.Dá mbeitheá ag brionglóid ar an ór trí oidhcheanna in dhiaidh a chéile agus dá raghfá go dtí an loch atá ar an dtaobh thiar thuaidh de'n scoil idir an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire T. Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair Mhurchú, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Mártan Ó Baicéir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cathair Mhurchú, Co. an Chláir