Scoil: Cahermurphy, Cill Mhichíl (uimhir rolla 15327)
- Suíomh:
- Cathair Mhurchú, Co. an Chláir
- Múinteoir: Séamus Ó Laoighléis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cahermurphy, Cill Mhichíl
- XML Leathanach 147
- XML “Na Filí a Bhí Cónaí Orthu i Leath h-Ínse - Moladh Chruach Pheadhna Comhraidhe agus na Fir a Dhein Í”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is id' coladh comh fada seo nadartha a' lá
Is chughath a chuir m'athair mé it iarraidh ar do pháigh,
Nó tabhairfidh sé cúiteamh in áit duit(III)A dhuine atá im iarradh ní aithnighim do chainnt
Ach ní dóich gur thú jonny mac fear na Comhraidhe
Cad a ruaig as do leabaidh thú an taca seo id' shuidhe
Cé go bhfuil tú dá shuidheamh gur beí an lá é.
(IV)Féach ar an ngealaigh agus amach ar an spéir
Nó'r labhair an fhuiseóg atá ar bharra na gcraobh
Seo leat-sa abhaile agus bead-sa id' dhiaidh
Nuair a codhlochaidh mé néal beag fé shásamh.
(V)Nuair a fuair mise an solus do déirigheas im' shuidhe
Do ghaibh mé mo chapall is níor dhein mé faillighe
Do fuaireas mo rópa agus mo phéire gárdaí
Is do gluaiseas ar lom cois in áirde.
(VI)Ní raibh annsun romham-sa ach sean fhearaibh gan bhrígh
'Na raibh cosachtach cruaidh ortha agus duais ar a gcroidhe
'Bfearr dhuit go mór iad a chaitheamh as do shlighe
Ná an anam bheith ort-sa le n-áireamh.
(VII)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál C. Ó Laoighléis
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Sráid Synge, Co. Bhaile Átha Cliath
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Con Luachra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Cluain na Cille, Co. an Chláir