School: Dún Drongáin (B.) (roll number 7231)

Location:
Drongán, Co. Thiobraid Árann
Teachers:
Diarmuid Ó Gormáin Labhrás Ó Gormáín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0557, Page 131

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0557, Page 131

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Drongáin (B.)
  2. XML Page 131
  3. XML “An Áit Seo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Dún Drangáin an ainm ar an áit seo. Sráid bhaile í. Deirtear insan t-sean aimsir bhí morán tor ag fás ar thaoibh an chnuic ó dheas d'en bhaile seo. Droighin a bhfurmór a bhí ag fás ann agus ó's rud é cuirtear droighean uirrthi. I rith na mbliadhan tháinig bean gur a b'ainm di "Buitléir" agus d'árduigh sí caisleán ar an dtaobh shoir d'en áit. Tugtar Dún Droighin ( Dún Drangáin) uirrthi ó shoin.

    An Droichead
    Ritheann abha bheag ag bun an chnuic ar a raibh an caisleán agus trasna an bhóthair ó Dhún Drangain soir go Muillean na h-Uaghan ní raibh droichead thar an t-srutháin an t-am sin. Do thárla go raibh socrad ag teacht go dtí an roilg annso agus do b'éigean dos na fearaibh a bhí ag iomchar an comhra siubhal tré na h-abhann. Bhí an abha i n-a tuilllte móra tar éis fearthanna móire agus do scuab an t-uisge iad agus an comhra síos an abha. Bhí an bhean seo ag féachaint orrtha agus d'éirigh léi droichead d'ardughadh thar an t-srutháin. Tá cloc mhór insan bhfalla de'n droichead agus uirrthi is scriobhta an stair d'e
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish