School: Dún Drongáin (B.) (roll number 7231)

Location:
Drangan, Co. Tipperary
Teachers:
Diarmuid Ó Gormáin Labhrás Ó Gormáín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0557, Page 133

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0557, Page 133

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Drongáin (B.)
  2. XML Page 133
  3. XML “Clog Teana”
  4. XML “Magh Gabhraí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timcheall dha mhíle go leith taobh thuaidh de Dún Drongain i gClochtana tá tobar mar gheall air innistear sgéal dheas. Bhí teampall i Maigh Gabha Rí an t-am sin agus do tárla go raibh Naomh Deichín ag dul ann ó Crocán. Nuair a bhí sé ag dul tré Cloig Teana do thosnuig an clog ag bualadh. Do chuir se a shlat i stúmpa(?) daraig a bhí ann agus do chrom sé ag paidreoracht.
    Nuair a bhí sé críocthnuigthe do thóg se an t-slat amach as gus d'éirigh sruth do fíor uisge aníos as an bpoll. Anois nil aon rian de'n adhmad acht an teora de dara(?) agus í comh úr is a bhí si bliadhnta o shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tá seanfhothracha de teampall ins an áit sin - timcheall míle go leith ó thuaidh ó Dún Drongáin. Deirtear go raibh naomh ann fadó - Naomh Coinneach - an ainm céadna agus a bhí ar na naomh clúmhail sin i gCill Coinnigh. Lá amháin bhí sé na sheasamh taobh amuigh den teampall ag rádh a Oifigh Naomhtha agus do tháinigh cioth mór fearthainne. Ní raghadh an naomh isteach ón bhfearthainn, bhí an méid sin den naomhthacht ann. Bhí crann ag fás in aice leis agus do leath an crann amach thairis cosúil le parasól. Tá sé le feiscint ann fós.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish