Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)

Suíomh:
Cill Macaibí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 174

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 174

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Leathanach 174
  3. XML “Na Stácaí”
  4. XML “Na Trí Pharóistí atá Timpeall Cuan Dor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar an dtír go leór díobh, agus thóg na daoine ar na trághannaibh iad, agus d'ólas feín cuid den stuif a bhí ionnta agus 'sé bhí go láidir. Tháinig an tobac 'san adhmad leis ar a dtír. Bhíodh na daoine ag faire ar failleacha agus ar trághannaibh ar an raic ag teacht isteach cucha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Fuaireas an Seancas ar leanas ó bhéal aithris Sheáin Mhic Chártaig Acadh Tobar, An Léim.
    Tá paróiste Midh Rois ar an dtaobh thiar, paróiste Cill Fachtna Beag ar an dtaobh thoir agus paróiste Cill Mhic Abaidh ar an dtaobh tuaidh. Bhí triúr ban uair agus bhíodar ag trácht ar na paróistí lá ar amach na Léime, gach bean díobh ag moladh a paróiste feín.
    Do labhair an bhean thuaidh agus dubhairt sí
    "Cill Mhic Abaidh na gCros
    A chothuigheann an fiadh 'san bhroc"
    Do labhair bean ón bparóiste shoir agus dubhairt sí
    "Cuan Dor (?) na Sprot
    Mar a dheineann an Daighne cor
    'S a marbuightear an scadán an colamóir 's an triosg"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Donnabháin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Cárthaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Achadh Tiobraide Mór, Co. Chorcaí