Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)

Suíomh:
Cill Macaibí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 218

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 218

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Leathanach 218
  3. XML “Dia agus Mise Chuige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí mór sheisear spealadóirí ag feirméar, agus bhí a mhac ar ceann acu, agus bhí mac an fheirméara na dtosach ag gearradh agus gach aon ceann de'n seisear fear 'na dhiaidh, agus iad ag cur díobh ar a ndícheall, agus thar a ndícheall ag iarraidh coinneál suas leis. Bhí an seana feirméar, Sasannach a b'eadh é, bhí sé na sheasamh ag geata na páirce a' féachaint ar na fir a' gearradh nuair a ghabh fear siubhail a soir a' bhóthar agus do chuaidh sé chuige agus dubhairt sé, - bhí sé ag féachaint ar an obair bhí ar siubhal - agus dubhairt sé leis an bhfeirméar nár ceart don mhac bheith ag cur de chómh tréan san, go marbhóchadh sé na fir. "Sin é an buachaill" adubhairt an seana-fheirméar; "cuirfidh sé sin iachaint ortha an págh do thuilleamh." Fear breágh deagh-chumtha b'eadh an fear siubhal, é chómh sgafánta aon lá lé mach an fheirméara Phreab sé isteach sa pháirc agus d'fiafruigh sé de'n bhfear deirioneach bhí ag gearradh, an speal a thabhairt do, agus dubhairt sé go dtabharfadh agus fáilte. do thóg sé an speal, agus do ghaibh sé ar a chuma féin é, mar dubhairt sé ná raibh sé in órdú ag an bhfear eile, chun féar a ghearrad in ao-chor agus bé an fear deidhennach de'n mhóir-sheisear fear annsan é, nuair a thosnuig sé.
    Bhí sé ag gearradh go tréan agus d'réir mar a thagadh sé suas leis a bhfear thuiteadh a' fear amach agais do leigeadh sé fe'n a bheart féin é. Do lean sé ar an gcuma
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Donnabháin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Partolán Ó Duibhir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    77
    Seoladh
    Cill Macaibí, Co. Chorcaí