Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)

Suíomh:
Cill Macaibí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 173

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 173

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Leathanach 173
  3. XML “Creideamh, Dóchas agus Carthanacht”
  4. XML “Na Stácaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Carraigeacha atá i lár na fairrge mar a déárfá dá mhíle ó dheas ó Ceann na Tuatha ar an dtaobh dé cuan na gcaisleán. Dá mbeadh an ghaoth anuaidh ann agus ceo ar an bhfairrge agus dhá ndéunfá d'féuchaint amach ortha, ceapfá gur long trí gcrann atá fé seol, iad agus i ag déanamh isteach ar an dtalamh. Tá draoidheacht éigin ag baint leo ón tsean aimsir, mar tá sé ráidhte go seolfadh siad mór timcheall na hÉireann sa t-sean aimsir uair san seacht mblian, ach ó tháinig an creideamh go h-Éirinn nár fhágadar an áit mar a bhfuilid riamh o shoin.
    Le m' chuimhneamh féin do cailleadh trí luingeas orta, ach níor cailleadh aoinne des na fuirinn; thánadar go léir slán. Bhí biotáille agus maidí dubha sa chead long, bhí cuirneacht buidhe sa dara long, agus bhí adhmád agus tobac san triú long. Tháinig na biotáille
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Donnabháin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Cárthaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Achadh Tiobraide Mór, Co. Chorcaí