Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)

Suíomh:
Cill Macaibí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 182

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 182

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Leathanach 182
  3. XML “Sean-Nós - An Chuigeann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhíodh cuigeann a dhéanamh fado ní raibh sé ceaduighthe aon teine do bhreith amach as an dtig an fhaid a bheadh an chuigeann ar siubhal.
    Aon duine a thagadh isteach caithfeadh sé greas a bhualadh uirthi ar eagla an ime bhreith leis.
    Cé no bheadh an chuigeann á dhéanamh in aoncor ach í bheith iompuighthe in aice na teine ba cheart don duine a thiocfadh isteach lámh a chur ar an loinithe agus é chorruighe cúpla uair anonn is anall.

    Creidtí go mbeirtí an t-im ó daoinibh uaireannta le piseógaibh. Bhí slighe ag na sean daoine chun an té a bhéarfadh an t-im d'fagháil amach.
    Cuirtí soc céachta sa teine nuair a thosnófaí ar an gcuigeann á dhéanamh.
    Nuair deargóchadh soc an céachta thiocfadh pian ar an duine a bhí cionntach agus ní féidir léí aon sos d'faghail go dtí go rithfeadh sí cun an tighe 'na mbeadh an chuigeann á dhéanamh agus greas a bhualadh uirthi.
    Annsan do bheadh a gcuid ime thar n-ais airís ag muinntir an tighe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. im agus cuigne (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Donnabháin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Muirthuille
    Inscne
    Fireann
    Aois
    86
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cill Pháidín, Co. Chorcaí