Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Well bhí fiachach ann, 's docha gur fadó shoin a b'eadh é. Uaisle a bhí ann san am san ag fiadhach ar fad, capaill is gadhair acu. Do dhúisigheadh girrfaidh agus leanadar air gur thugadar a' lá air á fiadhach, agus nuair bhíodar leath-buailte amach aige, tháínig ceann des na gadhair suas leis agus nuair a rug sé air, nior mhairbh é ach do scaoil arís é. Bhí a' fiadhaidhe ag féáchaint ar an ngadhar ag breith air agus bhí iongadh air connus nár mhairbh sé é. Tréis do'n gadhar a scaoileadh, cad a dhein an girrfiadh ach déanamh isteach ar seana cabhlach tighe. Do leím a' fiadhaidhe anuas dá capall agus isteach leis 'na dhiaidh, agus nuair a chuaidh sé isteach connaic sé an t-seana bheanín sa cuinne thuas agus saothar uirthi. Do dhein sé suas uirthi agus do chonnaic sé an greim bainte amach ag an ngadhar dhá cois. Ní hé sin an chéad uair a chuala go mbíodh seana bhean i riocht girrfiadh. Is minic a cidhtí girrfhiadh leis na buaibh agus bhíodh a gcuid bainne a cailliúint acu 'na dhaidh sin. 'S amhlaidh gur seana-chailleach malluighthe éigin fé'n riocht san, chun go bhféadfadh sí an bainne a ghoid. Sean scéul is eadh é nach mbíonn aon rath ag an té a chífeadh girrfhiadh lá Bealtaine.Tá scéul ann, bhéarsa atá ann, ach níl sé ar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Partalán Ó Duibhir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí