Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)
- Suíomh:
- Cill Macaibí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a chuireadh na franncaig isteach i teampuill Rois, san dha teampall - teampull Naomh Fachtna atá ag na Sasanaig anois, agus teampull na Bráithrigh, a bhí ag bráithre Naomh Pronnsías fadó - bhí fear na chomhnuí i Ros go raibh ana cómhacht aige - an cómhacht ceadhna agus a bhí ag Seán Máighistir, agus díbir sé ó'n dhá teampull iad ó thuaidh go teampull beag na Muirisigh i gCaisleán na Binne Duibhe. Quakers a b'eadh na Muirisigh agus tá siad curtha istig in aice an Chaisleáin. Bhí fear de na Muirisig na chomhnuí san Caisleán san am san agus bhí an comhacht ceadna aige agus a bhí ag an mbeirt eile agus do cheap sé iad dibirt as an áit agus dubhairt sé pé áit 'na díbreóchadh sé iad ná déanfadh aon díoghbháil go deo dá comharsain marbh leo mar nár ceart é dhéanamh, ach fuair sé amach le draoidheacht go raibh snámh mór déánta acu, agus do chep sé na h-aigne go dtabharfadh sé snámh eile dóíbh, agus do chuir sé amach ar Carraig an Dúbhlic iad ie. Carraig atá leath mhíle siar ó barra Ceann Dúin Déíde, mar atá an tig soluis anois.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Achadh Tiobraide Mór, Co. Chorcaí