Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)

Suíomh:
Cill Macaibí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 198

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 198

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Leathanach 198
  3. XML “Nósanna a Bhaineann leis an Marbh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhiodh an-eagla ar na daoine óg, is aosda roimh na marbhaibh mar creideadh siad go raib sé na gcumas maitheas nú díobháil a déanamh.
    Creideadh siad go mbíodh cuid ag dul timcheall, bhiad san na marbaibh a bhíodh ro mhaith cun dul go h-ifreann agus ná bhíodh maith a dhóíthin cun dul ar Neamh.
    Bhí sean nós ag na daoine a bheadh duine ag fágháil bháis sa tig - dhá bhuaiceas deag do lasadh agus iad do cur timcheall leaptan an bháis chun an diabhal do chosg. Creideadh siad nábh fhéidir leis an diabal na aon droch sprid briseadh isteach tré fáinne teine.
    D'fágaidís arán nú saghas eile bídh ar an mbórd nú leasmuigh de dhoras i gcóír an an duine geobhadh bas ar fead seachtmaine nu mar sin tréis bháis do.
    Nuair geibhedh duine bás tugad a chuid éadaigh do duine éigin le caitheamh agus béigean don duine a geobhadh an éadaig dul go dtí an aifreann agus an culaith eadaig sin air trí Domhnach indiaidh a chéile agus an -tuisce coisrighthe do crothadh ar an éadach ag paidir a rádh ar anam an duine mhairbh.
    Nuair a bhí duine ag fágháil bháis ní raibh se ceaduighthe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
          1. bás (~1,076)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Donnabháin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Muirthuille
    Inscne
    Fireann
    Aois
    86
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cill Pháidín, Co. Chorcaí