Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)

Suíomh:
Cill Macaibí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 185

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 185

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Leathanach 185
  3. XML “An Ministir Caoch”
  4. XML “God Keep Jim So”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ó bhéal aithris Partolán Uí Dhuibhir, Ferimeoír Aos 77
    Cill Mic Abaidh, An Leím.

    An Ministir Caoch
    Seo cuid de na bhearsaí a bhíodh ann fadó nuair a bhidís ag magadh féi na Sasannaigh:-

    "D'fiafhruigheas de'n Mhinistir Caoch
    Cé deinfead an tae in Ifreann
    Dubhairt sé ná feadar sé feín
    Ach go mbíodh sé feín ag séideadh an bhuilg dóibh
    Agus go mbfearr leis na builg a bheith baoth
    Ná a't-anam saor ó Ifreann
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. "GO KEEP YOU SO"
    Bhí fear go nglaodhaidh siad "Ivy" na chómhnuí theas ar an nDrom mar a bhfuil Seán Ó Súilleabháin anois, agus tíóránach Shasannach nó raibh aon ionntaoibh ann ó b'eadh é, bhí buachaill aige do glaodhadar Séámus Bán air, agus bíodh sé ag obair i dteannta Ivy gach aon lá. Pé scéál é do bhuaileadh Ivy breoíte agus do thagadh a' buachaill isteach gac aon maidin, féuchaint conus a bhíódh sé. Ceann de na maidineachaibh a thánaig sé isteach agus d'fiafruigh sé connus a bhí sé, agus dubhairt Ivy leis ná raibh sé ar foghnamh in aon chor. Dubhairt Séamus Bán "God keep you so" agus cheap sé go raibh an ceart aige á rádh leis mar ná raibh ach beagán béurla aige, agus rud éigin, mar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla
    Bailitheoir
    Seán Ó Donnabháin
    Inscne
    Fireann