Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim (uimhir rolla 11245)

Suíomh:
Cill Macaibí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 168

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 168

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Leathanach 168
  3. XML “Príomhscéal Chuan Dor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus á stiuriú ar a chúrsa soir. Chuadhar mórán as a gcúrsa, toisc an captaen a bheith sínte, agus in ionad dul ag triall ar an Spáinn 's amhlaidh a thánadar go tír na h-Éireann. Ba chuma leó goidé an tír é ach é shroisint féachaint an bhfaghaidís aon fhuascailt as an gcruadh chás 'na rabhadar, mar bhíodar buailte amach ag an obair agus ar easba codhladhta.
    Isteach go Cuan Dor theas do thanadar, do leagadar na seólta agus do leagadar an t-anncaire uatha i lár an chuain. Chuireadar fios ar muinntir na tíre annsan. D'inniseadar dóibh conus a bhí an scéal acu. Do thug muinntir na tíre ollmhaitheas dóibh i.e. im 's bainne, 's uibhe, cearc agus neithe eile nach iad chun na daoine breóite a leigheaseadh. 'S amhlaidh a fhágaidís istig ar an dtráíg dóibh é, agus do tagaidís, muinntir na luinge, á iarraidh leis an mbád mbeag; ní lobháílfidhe ' d'aoinne acu teacht i dtír leis an droch aicíd a bhí ortha, ar eagla go dtógfadh an muinntir istig é. Do fuair beirt de na daoine breóite bás san áit úd agus cuireadh in Árann Theas iad, oileán íseal atá laistiar de bhéal an Chuain. An triúr slán, do deineadar málaí des na seana sheól agus chuireadar an t-ór agus an t-airgead isteach ionnta, agus do chuireadar i bhfolach fé sgáil na h-oíche iad i bpoll san bhfaill ar an dtaobh thoir de'n cuan i gan fhios d'aoinne beo sa long ach iad féin, le súil go bhfillidís airís ón Spáinn agus go mbeadh sé acu féin agus a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Donnabháin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Sean Mac Cárthaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Achadh Tiobraide Mór, Co. Chorcaí