Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 314
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Ist oidhche de hAoine ar mo luighe dhom ar leabaidh”
Ist oidhche de hAoine ar mo luighe dhom ar leabaidh
Cad a bhrathfainn im thímcheall ach Light Horse an airm
Do phreabas im shuidhe suas is d'eirigheas a'm sheasamh
Titheas naoi míle gan bríste gan hata.A dhaoine uaisle na nárann tugaidh spás dom ar mh'aram
Tugaidh peann dom an laimh dheis agus paipéar le breacadh
Go scríobhfad cúpla líne no trí chun mo athar
Go bhfuil a mhac criona le díothú san arm.Blian as an lá amáireach iseadh d'fhágas an baile
Nior stadas de'n stáir sin go ndeaghas go Cluain Mealli,
Do lean Brighid agus Máire me á rádh liom filleadh abhaile,
Se mo chathá dubhachsa gear brónach nách é a gcómhairle a ghlacasIs buachaill fior óg me do tógadh faoi cheannas
Ag an mnaoi úd do tál orm is thug a cúm dom mar leabaidh
Thug sgrí dom as leigheann dom as ceárd breagh chun martha
Ní sásóchaidís goléir gan liostáil san airm.Do bhí fhios ag an Rioghan Glórmhar agus ag na cómharsain am aice
Go rabhasa cómh stuama le haon bhuachaill sa bhaile
Do rinncfinn is do gháirfinn is do shnámhfainn seal caise
Is bhuailfinn poc báire cómh hárd leis an ngealaig.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ua Caochlaí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 100
- Seoladh
- Snámh, Co. Chorcaí