Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 281
- XML “Ag Imirt Cártaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó nuair a bhí mo shean athair na na fhear óg do bhí sé amuigh oidhche ag sgoruigheacht. Do thosnuig sé féin agus daoine eile ag imirt cártaí.
Ar a dódheag a chlog do eirig argóint i dtaobh airgid idir na daoine.
Bhí coileach ar thaobh an tighe agus é na chodhladh. Do dhúisig an coileach agus léim sé ar an mbórd agus thosnuig sé ag sgríoba airgid agus cártaí agus chaith sé ar an úrlár iad.
Deinig gach aoinne as an áit na raibh sé agus d'fhagadar an tairgead agus na cártaí mar a rabhadar agus amach an doras leó.
Nuair bhí mo shean athair ag teacht abhaile bhí sé ag dul amú mar thóg sé trí uaire chluig air míle amháin do chur de. Dubhairt sé ansan gur bé an an diabhal a bhí ann.- Bailitheoir
- Mícheál Ó h-Uallacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caol an Eidhinn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó h-Uallacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- Caol an Eidhinn, Co. Chorcaí