Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 480
- XML “Neamhshaolta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó do bhí mo sheana mháthair ag teacht ó mBeantraige. Nuair a thainig sí abhaile do bhí sé geall le trí a clog a clog san oidhce. Ní raibh sí istig i bhfad nuair a chualaidh sí an gleó amuich. Do chuaidh sí amach agus do bhí beirt fhear ináirde ar ar an tighe ag cur tuighe air. An neómait nuair a chuaidh sí amach d'imthigeadar agus níor chonnaic sí a thuille iad. Nuair a tháinig sí isteach. Do chualaidh sí an gleó agus an suibhal amuich arís.
Níor dein sí aon ní ach dul a codhladh agus nuair d'eirig sí an lá in a dhiaidh, do cuaidh sí amach ní raibh aon ní coruighthe ar an tighe.
Beirt fhear sídhe do b'eadh íad sin.- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Súileabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí