Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 288
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tháinig an gorta ana chrúaidh ar an gceanntar seo. Núair a theip na prataí ní raibh min ná plúr ná airgead ag na daoine agus dá bhrígh sin do chaileadh a lán aca leis an ocras. Núair a bhain na daoine na prátaí chuireadar i bpuill iad agus núair a chuadar chun iad a thúbhairt isteach bhíodar go léir dubh. Ni raibh aon ní le n-ithe acha annsan acht fo-dhuine go [?]raibh turnipí aca agus cuaidh an t-ocras cómh crúaidh ortha go radhadar ag ithe na [?]. Níor bhfada go raibh cuid des na daoine ag fághail bháis. Ní raibh socraid nó tóramh nó córadh aca acht iad a chur san áit go bfhuighdís bás. Tá siad curadh i dhá áit ar an mbaile seo. Bhí dhá uair níos mó daoine ann an úair sin nó mar a tá anois. Do caileadh a lán daoine leis an bhfiabhras.
- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí