Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0279, Leathanach 449

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0279, Leathanach 449

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 449
  3. XML “Arán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sé an t-arán is mó abhíodh aca fadó ná arán min bhuidhe. Bhí sé ana láidir agus ní thaisteóchadh mórán de uatha. Do bhíodh mórán coirce agus cruithneacht curtha aca agus dheinidís cístí breágha dé. Do bhí sé ana shaor an uair sin mar dheinidís é mheilt sa bhaile iad féin leis an mbródh. Do mheilidís an choirce agus dheinidís praiseach breágh dhe agus ithidís é igcóir a mbreacfast. Nuair a bhíodh deabhadh ortha agus nuair ná bhíodh aon aran bácála aca do chaithidís ceann aca ar an ngreiseach. "Ciste baiste" athugaidís ortha san. Do bhíodh stampí aca igcóir Lá 'le Mhichíl agus tá an stampí 'ghá dhéanamh aca ó shoin ileith agus táid síad go h-ana dheas. Tá ceann de's na bródh igCrostra fós in aice le tig m'aintín. Dá chloch mór agus poll ilár agus mórán poill beaga mór-tímpeall an poll sin deirtear gur iad ceart na clocha sin achoimead mar gur leis na sean daoine iad
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
        1. arán (~2,063)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Criostóir Ua Úrdail
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Peig Bean Ní Úrdail
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    46
    Seoladh
    Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí