Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 285
- XML “Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An bliadhan a tháinig an dubh ar na prátaí agus an bliadhan a tháíning an Fiabhrais, scúireadh mórán daoine an t-am san. Bhí fear agus bean agus seisear leanbhaí 'na gcómhnuighe i gCrostra. Bhíodar ana bhocht; ní raibh dóthan na h-oidhche acu. Lá amháin ní raibh blúire bidh sa tig acu. Bhí trí ba acu agus mhairbh sé gach ceann acu indhiaidh a chéile.
Nuair a bhí na trí ba ithte acu tháínig an Fiabhrais ortha agus fuair na seisear leanbhaí bás mar bhíodar ró óg de'n fheóil nuair ná raibh aon rud eile acu in aonfheacht leis.
Ní raghadh aon comharsa isteach chúcha. Caithidís móin las muich de'n doras igcóir na h-oidhche. Fuaireadar go léir bás indhiaidh achéile agus fuair fear an tíghe bás in aice claidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Criostóir Ua Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Peig Bean Ní Úrdail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí