Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní'l ach aon thobar beannaithe amhain sa pharoíste seo agus glaodhtar tobar a bheannacha air. B'é Naomh Mochúada an Naomh a bhunaidh é agus dubhairt sé go leighisfeadh sé daoine go mbeadh trioblóid mór orta acht an t-uisge d'ól. Bhí baintreabhach in Eadragabhail agus ní raibh aice acht aon mhac amháin agus bhí seisean 'na bacach is bhí a mháthair ag dul i n-aois. Nuair a chuala Naomh Mochúáda an scéal sin bhí truagh aige di agus sin é an fáth a dhein sé an tobar beannaithe chun an bhuachaill sin do leigheas. Dubhairt an Naomh le na mháthair ná leighisfeadh an buachaill go dtí go bhecifeadh sí franncach ag dul mórthímpeall an thobair. Do chuaidh an bhean go dtí an tobar acht do theip uirthe é d'fheicsint. Do chuaidh sí an dara uair acht do theip uirthe arís ach do chuaidh sí an tríómhadh uair agus do chonnaic sí an franncach ag dul mórthímpeall an thobair. D'iarr an franncach uirthe, cad a bhí uaithe,(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loingsigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí