Scoil: Áth na bhFearchan (uimhir rolla 5500)
- Suíomh:
- Achadh Farcáin, Co. Mhuineacháin
- Múinteoir: B. Mac Closcaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áth na bhFearchan
- XML Leathanach 175
- XML “Brollach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Aye, and you will notice that the old, mythical Gods left their names on hills that men plough and reap."
Tá malairt tuairime ann i dtaoibh na céille a bhaineann le 'Ath na bhFearchon'. Is í tuairim roinnt daoine gurbh áit mhór seilge é fadó, agus go mbíodh na coin go fairsing sa taobh-tíre seo.
'Sé deireann an chuid eile, ná gurbh "Fheara groidhe ná claoidhfeadh céadtha' a bhíodh ag cur fútha ann fadó agus dar liom is fíore é seachas na tuairime eile.
'Sé fé ndeara dhom é sin a rádh, ná mar gheall ar iarsmaí na h-áite, agus ar an méid laoch atá a gcámha o'n smior, ag tabhairt an fhéir sa timpeallacht. Cifear gurbh fhearrde an dara brigh seachas a chéile, dá deascaibh na toscaí sin. Tá uaigh Fhinn Mhic Cumhail, taobh leis an scoil, agus 'Manobher' fe'n bhfód annsin in amhairc na scoile.
Níl aontuigheach aigne ann as caidé is ceart 'Ath' nó 'Achadh' ann roimh ainm na h-áite seo. Ritheann abha beag tríd an gleann agus is dócha go raibh 'Ath' innti fadó.
Acht nach ro cuma ceachtar de'n dá ainm seo,