Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 451

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 451

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Beithe
  2. XML Leathanach 451
  3. XML “Bia na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    aca agus d'ólaidís as. Bhí ceithre lámha air.
    Bhíodh corcán aca cun an biadh do rósta. Do bhíodh staimpí aca deanta le prátaí. Ní bhíodh aon chistí deas aca ac nuair a thagadh an Nodlag.
    Do dheinidís na cistí le mín agus plúr agus uaireannta ní bhíodh aon phlúr aca ac mín buidhe agus é fliucta le h-uisge agus bácálta ar griodhal.
    Gearraidís annsan i gcearnógaibh é agus gheibheadh gach aoinne den clann cearnóg buidhe.
    Ba láidre i bhfád ár sinnsír ná na daoine fé láthair.
    Biadh sláinteamhail a bhíodh aca agus gan tae beith aca ach aon uair sa blian - ag an Nodlaig.
    Ní bhíodh sodhluistí aca gach uair sa ló mar atá aca anois agus do b'annamh a cloisfeá duine ag caint ar tinneas fiacal. Ní raibh aon eolas aca ar sin.
    Um Nodlag do marbuigheadh duine saidhbhir beithidheach agus do bhíodh rí - saoghal ag an gclann san, ba minic a thugaidís píosa feola mar bronntanas do dhuine ná bhíodh a lán maoin aige.
    Máire Ní Síochtháin
    Cill-na-mBreac,
    Gleann-Beithe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Síochtháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Donncadh Ó Siochtháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    54
    Seoladh
    Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí