Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 458

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 458

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Beithe
  2. XML Leathanach 458
  3. XML “Lá Airithe na Bliana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá Áirighthe na Bliana
    Ainm an Aithriseóra: Bean de Búrcac.
    A Seoladh: Baile na Cille, Gleann Beithe.
    A Aois: 53 bl.
    Bhíodh ana onóra aiges na sean daoinibh go lá Bealtaine.
    D'eirigeadh gac h-aon bean tighe ar moch ar maidin. Do chrocadh sí an t-uisge coisreachta ar fúid an tighe anuas sa mbannrac istigh sa tigin bainne agus air na buaibh.
    D'imthigheadh sí annsan agus tugadh sí craobh isteach as go h-aon crann a mbíodh timcheall an tighe chuireadh sí craobh is go h-aon cúinne de'n tig.
    Deineadh go h-aon bean tighe cuigeann Lá Bealtaine mar a mbíodh aici ach aon galun amháin bainne.
    Do leógadh fear a thighe amac na ba maidin Laé Bealtaine pé slighe go mbeadh an maidin d'fonn is go n'íosfhaidís an cheud barra don fheur glas maidin Laé Bealtaine.
    Do gearradh go h-aon fhear a tighe eirbeall na mbó sar a leigeadh sé amach iad do dógadh go h-aon bean tighe uth na mbó
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighidh de Bhúrcach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile na Cille, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Bean de Burcac
    Inscne
    Baineann
    Aois
    53
    Seoladh
    Baile na Cille, Co. Chiarraí