Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 435
- XML “Díshealbhuithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dith-Sealbhughadh.Ainm an Aithriseóra: Seán M. Ó Riordáin,
A Seoladh: Curraicín, Gleann Beithe.
A Aois: 75 bl.Ó'n mbliain 1880 go 1890 bhí na dith-sealbhugihthe in Gleann Beithe.
Cuireadh na dtighearnaí Gallda cíos árd ar na daoinibh. Ní díolaidís ach an leath de. Cuireadar amach as a dtalamhantaí agus a dtighthibh iad. Dhoghadar agus leagadar na tighthe agus dá bhfaighidís aon stoc ar an dtalamh thugaidís próces dóibh agus cuiridís pianáil ortha agus má ná dhíolaidís an pianáil cuiridís go priosún iad.
Do cuiridís a lán daoine as seilbh a dtalmhantaí. agus a dtighthe.
Muirear amháin do beadh muinntir Duigín ó Drom. Ní rabhadar abálta aon cíos do dhíol mar bhíodar bocht.
Cuireadh amach ar thaoibh an bhóthair iad agus an fearthainn ag tuitim na taoisgeannaibh ortha.
Bhí na báillí ag faire ortha agus piléirí i n-aoinfeacht leó i dtreó is ní rabhadar abálta dul isteach arís i gcóir na h-oidhche.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Sean M. O Riordáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- An Curraichín, Co. Chiarraí