Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 363

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 363

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Beithe
  2. XML Leathanach 363
  3. XML “Tórramh agus Sochraid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Torramh agus Socraid.
    Ainm an Aithriseóra: Míceál Ó Síochtháin
    A Seoladh: Baile na Cille, Gleann Beithe.
    A Aois: 52 bl.
    Nuair a gheibheann duine bás i dtig bíonn torramh ann.
    Ar dtúis níightear an corp agus cuirtear an aibíid air agus cuirtear fé clár í ar bórd mór nó leabhadh.
    Annsan tósnuigheann an torramh. Tagann na daoine isteach agus bíonn siad ag gol le muinntir an tíghe agus má thagann sean-mná tosnuigheann sí ag olagón,.
    Leanann an torramh ar feadh dhá oidhche. Bíonn tae agis portéir agis má bíonn an duine saidhbhir bíonn uisge-beatha ann.
    Bíonn snaoisín agus tobac á dtabhairt amach ann. Geibheann na mná an snaois agus na fír an tobac.
    Más an duine aosta a bhíonn fé chlár bíonn na daoine ag innsint sgeulta ar feadh na h-oidhche.
    Téidheann cuid aca abhaile agus fanann cuid eile ag torramh an chuirp. Deireann siad an Paidín ar a dó deug a clog agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
          1. bás (~1,076)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Shiochtháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile na Cille, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Míceál Ó Síochtháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Seoladh
    Baile na Cille, Co. Chiarraí