Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 328
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tugtar an Inid ar an aimsear ó Lá le Stiopháin go Céadaoin na Luaithridh.
Le linn an ama sin deintear na cleamhnais, go mór mhór fé an dtuaith.
'S é Máirt na h-Inide an lá déanach cun pósta roimh an gCarghaos.
Bíonn fleadh ins gach tig. Deintear pancóga mar ní bhíonn sodhlaistí againn ó Máirt na h-Inide go Domhnach Cásga.
Tugtar Oidhche na Sgeilge ar an oidhche sin. Deintear dánta i dtaobh na ndaoine ionphósta agus gheibhtear mórán spóirt asta.
Deineann muinntir na tuaithe cleamhnaisí i rith na h-Inide.
Buachaill a bhíonn cun pósta, gheibheann sé cara nó gaol de féin - cainteóir maith cun an cleamhnais d'eunamh.
Stócach a glaodhtar ar an bhfear san.
Téigheann siad go tig an chailín agus buidéal 'na phóca ag an mbuachaill óg. Bíonn siad go grádhmar agus go gealgáireach i dtig an chailín.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Rioráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí