Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 392

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 392

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Beithe
  2. XML Leathanach 392
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. .Ainm an Aithriseóra: Seán Ó Riordáin,
    A Seoladh: Curraicín, Gleann Beithe.
    A Aois: 75 bl.
    Sgeul
    Do comhnuigheadh tighearna talmhan Gallda i Sráid an Mhuileann i gCo. Corcaighe.
    Crom sé ar caisleán a dheanamh insan dúthaigh agus fuinneóga gloine a cur air.
    NÍor chualadar ainm gloine riamh 'san áit sin, ná ní raibh fhios acu cad é an sórt rud é.
    Fuair sé ualach gloine ó Shasana agus tháinig sé isteach i gCuan Corcaighe. Glaoidh sé ar cuid des na tinnóinte dul a d'iarraidh an gloine.
    Ní raibh aon trucaillí ann an t-am san agus fuaradar dhá capall déug agus úmaca cun é do tharraingt.
    Bhíodar amach ar feadh dhá lá ar an mbóthar agus ní raibh aon tuairisg ortha. Tháinig trioblóid ar an tighearna talmhan. Dubhairt sé lena seirbhíseach capall agus cárr d'fhagháilt.
    D'imthigheadar araon ar a dtuairisg. Ní rabhadar imthighthe dhá mhíle nuair a caill an capall crú. Bhí ceardachain i n-aice leótha. Chuaidh sé isteach agus dubhairt sé do'n gabha gur theastuig crú ó'n gcapall gan mhoill, agus má ná dheunfaidh sé go tapaidh é go lámhach a mhaighistir é. Dubhairt an gabha ná raibh pioc iarainn aige a dheunfadh an crú do.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Ríoghbhardáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Riordáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    An Curraichín, Co. Chiarraí