Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 318

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 318

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Beithe
  2. XML Leathanach 318
  3. XML “Seancheirdeanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seana Cheardanna
    Ainm an aithriseora: Seán Ó Riordáin.
    A sheoladh: Curraicín, Gleann Beithe.
    A aois: 75 bl.
    Bhí alán céard ag daoinibh na h-áite seo - Gleann Beithe 'san allód.
    Seo cuid díobh so leanas - ag déanamh coinnle, ag déanamh braitlín agus rl.
    Seo mar a deanadar na braitlíní.
    Ceannuigheadar síol lín agus do chuireadar é. Nuair a bhí sé aibidh níor ghearradar inaoncor é ach do (ghearradar) tharraingeadar leis na lámhaibh é. Leathadar amach ar an dtalamh é agus dheineadar punainne de cosamhail le coirce. Cuireadar an líon i bpoll uisge ar feadh coicthighíse nó mar sin.
    Rugadar amach arís é agus leathadar amach é cun é do thriomú agus cun é d'feód.
    Deineadar punainne arís de agus thógadar isteach é. Cuireadar anáirde ar lochta é cun é do déanamh cruaidh.
    Thógadar anuas é. Bhuaileadar le tuairgínibh é - smut a mhaide, agus ní miste a rádh ná gurbh' cruaidh an obair
    é sin.
    Déanadar tráithníní de annsan agus chuireadar anáirde ar an lochta arís é ar feadh tamaill
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Ríoghbhardáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seán O Riordáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    An Curraichín, Co. Chiarraí