Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 311

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 311

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Beithe
  2. XML Leathanach 311
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bean de Burcach.
    Baile na Cille,
    Gleann Beithe
    A Aois 53 bl.
    Cistí Óir i bFolach
    Baile na Cille uachtarach ainm na h-áite na bhfuil an t-ór i bhfolach.
    Bhí fear ann fadó d'ar b'ainm Seán Mhac Suibhne. Bhí corcán óir aige.
    Nuair a bhí sé críona do thuit breóiteacht air.
    Bhí eolas aige go raibh sé ag fáil bháis.
    Bhí a bhean chéile agus a mhach sa tigh leis.
    Do chuadar go dtí an sráid lá.
    Faid a bhíodar amuigh d'eirigh sé amach as a leabhaidh agus chuir sé an corcán i bhfolach i gclochán Michíl Uí Fhoghladha.
    Fuair sé bás agus ní raibh aon t-éolas ag a mhach cá raibh an t-ór.
    Timcheall fiche blian ó shoin bhí taidhbhreamh ag fear san mbaile fearainn seo go raibh an corcán sa gclochán. Chuaidh sé féin agus beirt fear eile cun an corcáin d'fhághail.
    Do bhíodar ag réabhadh an chlocháin. Tháinig eagla ortha agus chuadar abhaile agus fuair an triúr fanntais agus níor chuadar fé na dhéin o shoin. Do chuir rud éigin sgannradh mór ortha - gleó éigin a chualadar agus níor chuaidh einne á lorg ó shoin ac deireann mo mháthair go bhfuil an corcán óir ann mar chuala sí é ó na sean daoinibh.
    Brighidh de Búrcach
    Baile na Cille.
    Bean de Búrcach
    Gleann-beithe
    Aois 53 bl.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighidh de Bhúrcach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile na Cille, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Bean de Bhúrcach
    Inscne
    Baineann
    Aois
    53
    Seoladh
    Gleann Beithe, Co. Chiarraí